DINGLE PROGRAM

MONDAY NIGHT FEATURES

PHOENIX CINEMA, DINGLE 7:30 PM

distant

 

 

 

 

 

 

POITIN
Chun comóradh a dhéanamh ar an bpríomhscannán Gaeilge Poitín, a rinneadh i 1977 – 30 bliain ó shin, tá leagan nua de Poitín curtha ar fáil ag KFF le scór nua ó Bill Whelan.

Tá an leagan nua athmháistirchóipeáilte agus scanta go digiteach. Tá Cyril Cusack, Niall Tóibín agus Donal McCann páirteach sa scannán seo a thugann léargas ar shaol in Éirinn ins na blianta atá imithe fadó. Bunaithe ar scéal a scríobh Colm Bairéad, insíonn an scannán scéal mar gheall ar sheanduine a bhíonn ag déanamh poitín agus a fhostaíonn beirt charachtair shuaracha chun a phoitín a dhíol. Ach nuair a bhíonn siadsan ar meisce casann siad ar an seanfhear agus ar a iníon.

Bhí claonchló an scannáin ar iarraidh le blianta go dtí gur tháinig Seamus Deasy trasna air i luscaí Technicolor. (B’é a chéad phríomhscannán é). Thuig Bord Scannán na hÉireann go tapaidh an tábhacht a bhí leis an scannán seo agus lena chabhair bhíothas ábalta na proiséis athmháistreachta fíneáilte agus athdhubála a chur i gcrích i Framestore i Londain agus i Windmill Lane i mBaile Átha Cliath.

Is féidir a rá go fíreannach mar gheall ar an scannán nua Poitín – ar chúiseanna teangeolaíochta, chultúrtha agus eacnamaíochta ‘Ní dhéantar mar sin a thuilleadh iad’.

Beidh an stiúrthóir i láthair; pléifear ceisteanna agus freagraí i ndiaidh an léirithe. Am reatha: 65 nóiméad/ Dath/ 35mm Léiritheoir: Cinegael Script: Bob Quinn Foireann Aisteoirí: Cyril Cusack, Niall Tóibín, Donal McCann Bunchló: Cinegael

distant

 

 

 

 

 

 

 

Cré Na Cille Príomhscannán Gaeilge Robert Quinn/ Éire/2007
Is príomhscannán lánfhada athchóirithe an scannán seo bunaithe ar an úrscéal Gaeilge Cré na Cille. Léiríodh an scannán chun comóradh a dhéanamh ar an lá a rugadh údar an leabhair, Máirtín Ó Cadhain. Tá Cré na Cille stiúrtha ag Robert Quinn.

Tá sé lonnaithe i reilg i gConamara. Insíonn sé scéal grinn dorcha mar gheall ar an ndearg-ghráin agus formad diamhar atá idir bheirt deirfiúr, rud a fhaigheann níos measa le haois agus a leanann ar aghaidh sa tsaol eile.

Sí Bríd Ní Neachtain an príomhréalt. Díríonn an scannán ar roinnt chorp san uaigh. Tá siad cráite ag imeacht mhall na haimsire agus bíonn siad ag cúlchaint i gcónaí ar a chéile. Is í Caitríona an príomhcharachtar atá imithe ar an saol eile. Tá sí ag súil go mór le bás a deirféar chun leanúint leis an argóint atá eatarthu le fada an lá.

Rinneadh an scannán i suímh éagsúla thart ar Chonamara.

Beidh an stiúrthóir i láthair; pléifear ceisteanna agus freagraí tar éis an léirithe.

Am reatha: 94 nóiméad/ Dath/ 35mm Léiritheoir: Ciarán Ó Cofaigh Script: Macdara Ó Fatharta, Robert Quinn Foireann Aisteoirí: Bríd Ní Neachtain, Peadar Lamb, Máire Ní Mháille Léiriú: Rosg Bunchló: Rosg

IRISH SHORTS SELECTION

7.30 PM BLASKET CENTRE, DUNQUIN
Latoon Director - Séan Lynch
Bibeanna "Sin é an Saol" Director - Cathal Watters & Brenda Ní Shuilleabháin
Margaret Irwin-Magic for the Printmaker Director - Paul Murphy
Under Pressure Director - Eamonn de Staic
We Appreciate Your Help Director - John Haugh
An Damhán Alla Anbhann Writer/Director - Peter Foott
Death In The West Director - Keith Mannix